Fáilte chuig an bPríomh-Chlár um Úinéireacht Tairbhiúil Cuideachtaí agus Cumainn Tionscail agus Soláthair

Faoin gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil (An RBO)

Is é an RBO an stór lárnach d'fhaisnéis reachtúil a cheanglaítear ar eintitis ábhartha a choinneáil i ndáil leis na daoine nádúrtha arb iad a n-úinéirí/rialaitheoirí tairbhiúla, lena n-áirítear sonraí na leasanna tairbhiúla atá ina seilbh acu. 

Is iad seo a leanas na heintitis ábhartha:

  • cuideachtaí a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí 2014 nó cuideachta reatha de réir bhrí an Achta sin, agus
  • cumainn tionscail agus soláthair a cláraíodh faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair 1893 go 2018.

Ní mór sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil a chomhdú leis an RBO trí thairseach ar líne.

Níl aon fhoirmeacha páipéir ná táillí comhdaithe i gceist agus níl oifig an RBO ar oscailt don phobal. 

Tá suíomh gréasáin an RBO deartha chun an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt do chuideachtaí agus do chumainn chun cabhrú leat do riachtanais a chomhlíonadh maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhdú.

Tá áis chuimsitheach Ceisteanna Coitianta agus áis chuardaigh forbartha againn ar an suíomh gréasáin seo a chabhróidh chun thú a threorú agus tú ag comhlíonadh na gceanglas maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhdú. 

Ní comhairle dlí an fhaisnéis a sholáthraítear inár gCeisteanna Coitianta agus ba cheart do chuideachtaí/chumainn a gcomhairle dlí féin a fháil má bhíonn amhras orthu.

Léigh tuilleadh

Search